Irische Landschaft

Mile fáilte, croeso, will­kom­men!

Is é príomhchuspóir an SKSK na ceithre theanga Cheilteacha a mhaireann beo fós - Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban, an Bhreatnais agus an Bhriotáinis - a theagasc. Thairis sin, cuirtear teagmhais chultúrtha ar fáil, ceol agus litríocht go háirithe, a bhaineann leis na tíortha ina labhraítear na teangacha sin.

Bíodh is go bhfuil nasc oifigiúil ag an SKSK le Rannóg an Léinn Cheiltigh i Roinn an Bhéarla, Ollscoil Bhonn, nach bhfuil ach cúpla míle ar shiúl uainn, is do dhuine ar bith a bhfuil suim aige iontu na cúrsaí agus na himeachtaí eile a chuirtear ar siúl.

Tá ardcháilíochtaí acadúla agus cleachtadh fada múinteoireachta ag ár gcuid oidí. Is féidir teastas a fháil uainn lena ndearbhaítear an leibhéal a baineadh amach de réir Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha ach sin a iarraidh.

Má theastaíonn aon eolas breise uait, déan teagmháil linn nó tabhair cuairt ar an leagan Gearmáinise den suíomh gréasáin seo.